Féach agus Freagair
Forbraíodh ár gclár Bunscoile chun curaclam na n-amharcealaíon a chomhlánú agus chun deiseanna a sholáthar chun nasc agus comhtháthú níos fairsinge a dhéanamh laistigh den mhórchuraclam bunscoile.
Turais threoraithe: Roghnaigh téama ón liosta thíos nó sonraigh do cheann féin.
-
Scéalta Ealaíne: Insíonn gach pictiúr scéal! Faigh amach na saothair ar a bhfuil an gean is mó sa bhailiúchán agus foghlaim a scéalta.
-
Ainmhithe: Ó chait i bhfolach faoin mbord go traenacha camall san fhásach – déan iniúchadh ar an mbailiúchán trí ainmhithe in ealaín.
-
Ná Cúig Chéadfa: Féach ar agus tabhair freagairt do shaothair ealaíne agus samhlaigh na fuaimeanna, bolaithe, blasanna agus na huigeachtaí díobh.
-
Portráidí: Is féidir le portráidí níos mó a insint dúinn ná cén chuma a bhí ar an duine – lorgóimid leideanna faoin duine agus conas a chónaigh siad.
-
Na Ceithre Shéasúr: Faigh amach na bealaí éagsúla go bhfuair ealaíontóirí spreagadh ó na séasúir síorathraithe.
-
Dath, Líne & Cruth: Dírigh isteach ar na heilimintí fisiciúla – líne, cruth, dath agus ton, patrún agus rithim, uigeacht agus eagrúchán spáis – agus conas a d’úsáid ealaíontóirí iad le himeacht aimsire chun rudaí a chur in iúl.
-
Stair na hÉireann: Buail le roinnt de na daoine stairiúla a chruthaigh stair na hÉireann – rialtóirí agus reibiliúnacha, polaiteoirí agus filí – i mBailiúchán na Portráide Náisiúnta.
Leideanna le haghaidh do chuairte
Cuardaigh an bailiúchán ar líne le haghaidh smaointe breise (ní féidir linn a chinntiú go mbeidh saothair faoi leith á dtaispeáint ar lá do chuairte)
Féach ar árn-acmhainní Bunscoile
Íoslódáil ár liosta de phictiúir oiriúnacha le haghaidh gach téama.
Chun cuairt a chur in áirithe téigh go díreach chuig Cuairt a Chur in Áirithe Booking a Visit