Cartlanna NGI

I gCartlann an Ghailearaithe tá taifid oifigiúla na hinstitiúide. Léirítear stair an Ghailearaithe ó 1850 go dtí an lá atá inniu ann. Is foinse luachmhar é dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhforbairt na hinstitiúide agus an pháirt a bhí aici i gcúrsaí cultúrtha na hÉireann ón am ar bunaíodh é. San áireamh sa bhailiúchán tá cartlanna mionsonraithe maidir le bunú an Ghailearaithe agus obair institiúid na hÉireann; foireann iomlán de chruinnithe taifid Miontuairiscí an Bhoird ó 1855; taifead le doiciméadú d’fhorbairt bhailiúchán an Ghailearaithe lena n-áirítear cláir na bpictiúr, priontaí, dealbha, srl. Sa chartlann freisin tá páipéir a bhaineann leis na Stiúrthóirí agus foireann an Ghailearaithe amhail Hugh Lane, Thomas McGreevy, Brinsley MacNamara agus James Stephens.  Mar chuid den Chartlann tá eolas maidir le forbairt fhoirgneamh agus pleananna ailtireachta an Ghailearaithe.

Tá an Chartlann NGI ar fáil do bhaill an phobail trí choinne amháin. D’fhéadfadh srianta a bheith i bhfeidhm le roinnt bailiúchán.  

UAIREANTA OSCAILTE Luan-Aoine 10 r.n.-5 i.n.
TEAGMHÁIL Teil: + 353 1 6633508   R-phost: library@ngi.ie