An Stiúrthóir
Faoina reachtanna cuirtear gnóthaí an Ghailearaí Náisiúnta de chúram Bord Gobharnóirí agus Caomhnóirí atá freagrach as polasaí agus maoirseacht. Forálann na reachtanna do phost Stiúrthóra, a cheapann an Bord, agus atá freagrach as oibriúchán an fhorais.
Teil: + 353 1 6633502 R-phost: directorsoffice@ngi.ie
An Preas-seomra
Tá an Preas-seomra freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaireachtaí nuachta agus na meáin i gcoitinne. Imríonn sé príomhról i misean an Ghailearaí a chur in iúl agus trína theagmhálacha leis na meáin an pobal a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí agus chláir. Chomh maith leis sin tá an Oifig Preasa bainteach go díreach le Nuacht an Ghailearaí a fhoilsiú agus le láithreán Gréasáin an Ghailearaí a nuashonrú sna réimsí ábhartha, preaseisiúintí srl…
Teil: + 353 1 663 3598/3519 R-phost: press@ngi.ie
Oifig Forbartha
Agus a ghnóthaí a mbainistiú aige agus chun ionchais a phobail a sheachadadh, déanann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a leithdháileadh buiséid oifigiúil a chomhlánú le maoiniú as roinnt d’fhoinsí tríú páirtí. I measc foinsí dá leithéidí dá urraíocht tráchtála de chláir agus imeachtaí, dearlaicí agus compántais agus tacaíocht ó fhondúireachtaí, phatrúin, bhronntóirí agus ón bpobal i gcoitinne. Is Carthanacht chláraithe é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sa Ghailearaí déan teagmháil leis an Oifig Forbartha.
Teil: + 353 1 6633524 R-phost: development@ngi.ie