Scannánaíocht agus Grianghrafadóireacht Tráchtála

Baroque Gallery, Dargan Wing, NGI.

SCANNÁNAÍOCHT

Ní mór gach iarratas ar scannánaíocht ar an áitreabh a dhéanamh chuig an Oifig um Chearta & Atáirgeadh. Teastaíonn íos-aga tosaigh de sheachtain amháin. Caithfidh foireann an Ghailearaí maoirseacht a dhéanamh ar an scannánaíocht go léir agus gearrtar táille san uair/sa lá air. Ní mór imréiteach le haghaidh saothair scannánaíochta i gcóipcheart a dhéanamh sula gcuirfear tús le scannánaíocht ar an áitreabh. Tá ábhar grianghrafadóireachta d’úsáid mar “ghrianghraif” ar fáil. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil leis An Oifig um Chearta & Atáirgeadh.

Foirm Iarratais le haghaidh Scannánaíochta sa Ghailearaí

Íoslódáil PDF 37KB / Íoslódáil Doiciméad Word 60KB

Conradh Teilifíse

Íoslódáil PDF 27KB/ Íoslódáil Doiciméad Word 48KB 

Cead do mhic léinn le scannánaíocht nó grianghraif a ghlacadh i GNÉ

Íoslódáil PDF 50KB / Íoslódáil Doiciméad Word 44KB

GRIANGHRAFADÓIREACHT

Ceanglaítear ar ghrianghrafadóirí tráchtála foirm iarratais a chomhlánú agus coinne a dhéanamh sula dtagann siad le grianghraif a ghlacadh sa Ghailearaí. Déanann foireann an Ghailearaí an ghrianghrafadóireacht ar fad a mhaoirsiú. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil leis An Oifig um Chearta & Atáirgeadh.

Cead le grianghraif a ghlacadh sa Ghailearaí

Íoslódáil PDF 53KB / Íoslódáil Doiciméad Word 45KB