Suite i lár na cathrach, i gcroílár Bhaile Átha Cliath Seoirseach, is féidir teacht ar an nGailearaí go héasca ag siúl nó le hiompar poiblí . Ag siúl: Tá an Gailearaí níos lú ná deich nóiméad ó Fhaiche Stiabhna agus Sráid Grafton. Leis an DART: Is í an stáisiún DART is giorra ná Stáisiún an Phiarsaigh, nach bhfuil ach cúig nóiméad ón nGailearaí. Leis an LUAS: Má tá tú ag taisteal ar an Líne Ghlas, tar anuas ag Faiche Stiabhna. Is siúlóid ghairid í go dtí an Gailearaí ón áit seo. Má tá tú ag taisteal ar an Líne Dhearg, tar anuas ag Sráid na Mainistreach, atá 20 nóiméad ón nGailearaí. Leis an mBus: 4a/ 5/ 7/ 7A go Cearnóg Mhuirfean Thuaidh agus Sráid an Chláraigh 10 go Rae Mhuirfean agus Sráid Pembroke 13/ 13a go Cearnóg Mhuirfean Theas 44c/ 48a go Cearnóg Mhuirfean Thiar Le rothair Bhaile Átha Cliath: Tá dhá stáisiún rothair Bhaile Átha Cliath in aice leis an nGailearaí, suite ag Sráid an Chláraigh agus Cearnóg Mhuirfean Thiar. Le Carr: Tá páirceáil méadraithe ar Chearnóg Mhuirfean. |