Léiríonn an Bailiúchán Ar Líne roghnúchán de shaothair ón mbailiúchán. Áirítear leis seo gach saothar faighte le deich mbliana anuas, mar aon le buaicphointí ó gach scoil ealaíne. Tá croífhaisnéis le gach taifead chomh maith le híomhá, mura sáraíonn cóipcheart. I gcásanna áirithe, níl an fhaisnéis ar shaothair ealaíne lándéanta, agus í faoi réir athruithe de réir an taighde atá idir lámha againn. Ina theannta sin, mar gheall ar an lion mór saothar sa bhailiúchán, níl gach saothar ar fáil ar líne. Ach, cuirfear leis an mbailiúchán ar líne ar bhonn leanúnach de réir mar a leanann an Gailearaí ar aghaidh le sonraí a phróiseáil.
|