Caitear na turais scoile, na ceardlanna nó na cuairteanna féinthreoraithe go léir chuig an nGailearaí a bheith curtha in áirithe roimhré leis an gComhordaitheoir um Áirithint Turas:
Teil: +353 1 663 3510 Faics: +353 1 661 0099 R-Phost: tours@ngi.ie
Toisc go bhfuil móréileamh ar na cláir scoile agus chun róphlódú a sheachaint sa Ghailearaí, molaimid áirithint trí seachtaine roimhré.
Tá turais le fáil i nGaeilge, ach ní mór duit réamhfhógra maith a thabhairt dúinn, le do thoil.
Ní féidir linn turas a dhaingniú go dtí go bhfaighimid an fhoirm áirithinte.
Tá turais scoile saor in aisce do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart na hÉireann, gearrfar táille ar €50 áfach muna bhfaightear fógra cealaithe 24 uair roimhré.
Tá múinteoirí freagrach as a ndaltaí agus tá orthu fanacht leo an t-am go léir.
Roinnfear ranganna móra i ngrúpaí turais le huasmhéad de 25 dalta. Tá sé riachtanach go bhfuil dóthain tacaíochta múinteora/duine fásta ann chun maoirseacht a dhéanamh ar gach grúpa.
Gheobhaidh múinteoirí cóip de Chód Iompair do Scoileanna Code of Conduct for Schools for Schools an Ghailearaí roimh an gcuairt i dteannta le daingniú na háirithinte. Pléigh na treoirlínte leis na daltaí led’ thoil le cinntiú a gcomhlíonadh agus go mbeidh eispéireas dearfach agus taitneamhach ag gach éinne.
Maireann turais threoraithe ar feadh 50 nóiméad – ceadaigh uair a chloig ina iomláine le haghaidh do chuairte.
Féadtar turais agus ceardlanna a chur in oiriúint do dhaltaí le riachtanais speisialta. Téigh i dteagmháil linn led’ thoil chun do riachtanais a phlé linn roimh an áirithint.
Tá acmhainní sheomra ranga do Bhunscoileanna Primary agus do Mheánscoileanna Secondary le fáil chun cabhair a thabhairt do mhúinteoirí ag ullmhú cuairte.
Teil: +353 1 663 3510 Facs: +353 1 661 0099 Ríomhphost: tours@ngi.ie