Fáiltíonn an Gailearaí cuairteanna ó ghrúpaí réamhscoile, ó scoileanna Montessori agus ó naíonraí.
Maireann turais threoraithe do pháistí ar 3-5bl. ar feadh 30 nóiméad agus breathnóidh na páistí ar cheithre phictiúr le linn an ama sin.
Is iad ábhair spéise don aoisghrúpa seo ná:
Ainmhithe sa Ghailearaí!
Féachfaimid ar na hAghaidheanna!
Na Dathanna is Fearr Linn!
Más mian leat féachaint ar thopaicí spéise eile, nó má tá pictiúir faoi leith ar intinn agat, más é do thoil é, téigh i dteagmháil linn roimhré chun do riachtanais a phlé.
Tá cóimheas maoirseachta d’aon duine fásta le 5 dalta (ar a laghad) riachtanach, le treoraí amháin le gach 15 dalta.
Ag brath ar mhéid an ghrúpa agus ar na huimhreacha in áirithe cheana féin sa Ghailearaí, is féidir seisiún gearr líníochta a reáchtáil i ndiaidh an turais. Caithfear é sin a chomhaontú roimhré.
Le haghaidh sonraí breise agus treoirlínte ginearálta féach ar Chuairt a Chur in Áirithe Booking a Visit.