Ionad do Staidéar um Ealaín na hÉireann

Photograph of Walter Osborne

Tugann an CSIA tacaíocht do staidéar na healaíona Éireannaí agus disciplíní gaolmhara. Sa bhailiúchán cartlainne agus dánlainne tá doiciméadú ann faoi oidhreacht ealaíne shaibhir na tíre ón am d’ealaín cheilteach luath go dtí an t-am atá inniu ann. Is acmhainn riachtanach í d’aon duine a bhfuil suim aige sna hamharcealaíona in Éirinn.

Sna sealúchais tá leabharlann foilseachán ar ealaín Éireannach, saibhrítear le bailiúchán leabhair annamh agus bailiúchán leabhair mhaisithe ina bhfuil oibreacha ó ealaíontóirí Éireannacha amhail Rose Barton, Harry Clarke, Louis le Brocquy agus William Scott. Tá tréimhseacháin reatha ar fáil chomh maith le hirisí níos sine a cuimsíodh na healaíona in Éirinn. Léirítear ceantálaithe móra na hÉireann chomh maith le catalóga díolacháin agus ceant lena ndéantar doiciméadú den trádáil ealaíona ó dheireadh an ochtú aois déag. Cuireann an CSIA rochtain ar fáil freisin ar rogha d’acmhainní úsáideacha ar líne.
Acmhainn shuntasach is é an chartlann uathúil lena dtugtar léargas bunaidh agus nasc inbhraite le healaíontóirí agus eagraíochtaí ón am atá thart. Ar fáil freisin tá bailiúchán tábhachtach d’fhillteán ealaíontóirí, ina bhfuil éagsúlacht ábhair ghearrshaolaigh a bhaineann le healaíontóirí aonair, agus bailiúchán mór d’fhillteán dánlainne ina bhfuil ábhar ann ó go leor dánlann tráchtála, cumainn ealaíne, clubanna agus institiúidí atá in Éirinn le 300 bliain anuas.

Tá seomra léitheoireachta CSIA oscailte do gach bhaill an phobail.
UAIREANTA OSCAILTE Luan-Aoine 10 r.n.-5 i.n.
TEAGMHÁIL Teil: + 353 1 6625517   R-phost: csia@ngi.ie