Search:
The National Gallery of Ireland
Accessibility
|
a
a
a
|
English
|
Contact Us
Baile
Maidir linne
Pleanáil Cuairt
Imeachtaí
Exhibitions
Bailiúchán
Caomhnú
Foghlaim
Taighde
Tacaigh Linn
Siopa
You are here:
Baile
>
Taighde
Ag Tabhairt Cuairte ar Sheirbhísí Taighde
Rochtain
Ba chóir go gcuireann taighdeoirí iad féin i láthair ag ceann de na deasca eolais den Ghailearaí nuair a shroicheann siad í.
Tá rochtain chathaoireacha rothaí don Seomra Léitheoireachta do Phriontaí agus Líníochtaí agus don CSIA tríd an ardaitheoir sa Sciathán Mílaoise.
Féadfaidh grúpaí staidéir suas le dháréag duine a bheith sa Seomra Léitheoireachta do Phriontaí agus Líníochtaí.
Tá turais agus cuir i láthair do bhailiúcháin na Leabharlainne, Cartlainne agus CSIA ar fáil ar iarratas.
Rialacháin
Tá na hoibreacha go léir ar pháipéar agus an t-ábhar leabharlainne agus cartlainne sobhriste agus mar sin caithfear beith cúramach leo agus meas a bheith agat orthu.
Ní cheadaítear aon bhia nó deoch.
Le do thoil cinntigh go bhfuil do lámha glan agus an t-ábhar á ionramháil agat.
Tá miotóga ar fáil le haghaidh ionramhála de pháipéar, cartlanna agus leabhair annamha.
Ní fhéadtar pinn tobar, pinn ghránbhioracha, pinn fheiltbhioracha ná pinn snáithínbhioracha a úsáid. Tá pinn luaidhe ar fáil le haghaidh nótaí a thógáil.
Ná luigh nó ná cuir aon rud ar an ábhar taighde. Go háirithe ná cuir do leabhar nóta nó páipéar ar earra ar bith agus atá nótaí á dtógáil agat.
Ná marcáil, ná roc nó ná dúbail aon ábhar.
Ná ligh nó ná taisrigh do mhéara chun na páipéir a chasadh.
Ní fhéadtar cóip a dhéanamh d’oibreacha ealaíne, cartlanna nó leabhair annamh. Le do thoil téigh i dteagmháil le ball foirne más mian leat cóip nó íomhá dhigiteach a fháil d’aon ábhar.
Ceadaítear do chuairteoirí sceitse a dhéanamh d’fhormhór na n-oibreacha ealaíne sa bhailiúchán le peann luaidhe amháin.
Ná mí-ordaigh nó ná athchóirigh cáipéisí scaoilte nó ná bain clibeanna nó dúntóirí ó na comhaid.
Ná cuir málaí nó éadaí ar bhoird an tseomra léitheoireachta.
Ba chóir tacaíochtaí leabhair a úsáid agus tú ag breathnú ar imleabhair chumhdaithe atá i gcoinníoll sobhriste.
Ceadaítear ríomhairí glúine a úsáid.
Tá na taighdeoirí freagrach as na cartlanna a dtugtar dóibh. Ní fhéadfaidh taighdeoir amháin na cartlanna a thabhairt go taighdeoir eile agus ní mór dó iad a thabhairt ar ais go dtí an ball foirne atá i mbun oibre.
Library
Centre for The Study of Irish Art
Archives
Taighde
Leabharlann & Cartlanna
Ionad do Staidéar um Ealaín na hÉireann
Forás ar Bhailiúcháin Yeats
Seomra Staidéir do Phriontaí & Líníochtaí
Cuardaigh an Leabharlann & Cartlann
Jack of All Trades
Taighde sa Ghailearaí