Tá rannóg na Leabharlainne & Cartlann freagrach as oibriúchán Leabharlann na hEalaíne, an Ionaid um Staidéar ar Ealaín Éireannach, Cartlann Yeats agus Cartlann Riaracháin an Ghailearaí. Tá na comhghnéithe seo coinnithe i suíomhanna éagsúla ar fud ionad an ghailearaí agus is féidir leis an bpobal rochtain a fháil orthu. Tá ról lárnach imeartha ag an rannóg i bhforbairt an láithreáin Ghréasáin agus leanann sí de thacaíocht a thabhairt dó. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil roinnt de phríomh-acmhainní forbartha aici d’fhonn an láithreán Gréasáin a phobalú agus é a dhéanamh níos sásúla agus níos faisnéisí d’úsáideoirí. |