Ceisteanna Coitianta faoin Leabharlann Phictiúr

Cén dóigh a n-ordaím atáirgeadh de shaothar ealaíne ó bhailiúchán Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann?

Céim 1: Nuair a dhéanann tú teagmháil linn eiseoimid an fhoirm riachtanach nó is féidir leat an chóip ar an láithreán gréasáin a bhaineann leat a phriontáil agus is féidir leat í chur chugat trí fhacs nó tríd an bpost
Céim 2: Má bhíonn fadhbanna ar bith leis an iarratas cuirfimid é sin in iúl duit láithreach (.i. má bhíonn íomhá i gcóipcheart agus má theastaíonn tuilleadh imréitigh ina leith nó má theastaíonn grianghrafadóireacht úr don saothar)
Céim 3: Bunaithe ar an eolas a chuireann tú, eiseoimid iarratas ar íocaíocht
Céim 4: Nuair a gheobhaimid sonraí do chárta creidmheasa nó cineál eile íocaíochta, déanfar an t-ordú a phróiseáil
Céim 5: Cuirfear an íomhá agus an ceadúnas ar aghaidh chugat.

Cad iad na cineálacha íocaíochta atá inghlactha?

• Seic tarraingthe ó Bhanc Éireannach agus an méid in EURO.
• Na cárta creidmheasa seo a leanas – VISA, Mastercard agus AMEX.
• Íocaíocht dhíreach isteach inár mbanc trí EFT (Ríomhaistriú Airgid) is féidir linn sonraí cosúil le sonraí baincéireachta, IBAN srl. a chur ar fáil ar iarratas)

Cén dóigh a mbeidh a fhios agam má bhíonn saothar ealaíne i gcóipcheart?

Pictiúir, dealbha, líníochtaí agus uiscedhathanna: Faoi reachtaíocht na hEorpa maireann cóipcheart i saothar ar feadh 70 bliain i ndiaidh don ealaíontóir bás a fháil. Má bhíonn amhras ort, cuir ceist orainn!

Cá fhad a ghlacfaidh sé le prionta ordaithe a fháil?

A luaithe agus a fhaigtear íocaíocht seoltar d’ordú láithreach. Ar an gcoinníoll go bhfuil grianghrafadóireacht ann den saothar, glacfaidh sé 7-10 lá leis an ordú a phriontáil agus 2-5 lá eile lena phostáil ag brath ar an gceannphointe.

An féidir liom íomhánna digiteacha a ordú?

Is féidir, cuirimid scanachán digiteach ar fáil ar dhiosca nó trí ríomhphost a bhíonn formáidithe go sainiúil chun na críche a theastaíonn.

Cá mhéad a chosnaíonn an seachadadh?

Ag brath ar mheáchan agus má bhíonn d’ordú seolta chugat trí luasphost, beidh na costais idir €2.50 agus €20 Euro