Siopa

The Gallery Shop

Suite ar leibhéal an bhealaigh isteach ag Sciathán na Mílaoise den Ghailearaí, cuireann an siopa raon leathan de leabhair ar fáil, a bhaineann le gach gné d’ealaíon chomh maith le rogha iontach de pháipéarachas agus marsantacht le hinspiróid ó bhailiúchán an Ghailearaí. Go háirithe cuireann ár rannán na bpáistí rogha éagsúil, uathúil d’ealaíon ar fáil a bhaineann le leabhair, cluichí agus ábhair cheardaíochta.

Leis an airgead a thagann ó dhíolachán na dtáirgí sa siopa tugtar tacaíocht dhíreach do chláir agus bailiúchán poiblí an Ghailearaí.