![Berthe Morisot (1841–1895), 'Le Corsage Noir', 1878. Photo © National Gallery of Ireland.](/sites/default/files/styles/content_hero/public/2017-05/morisot-corsage-noir.jpg?itok=MXv2inSf&cache-buster=d330ed0832&coords_hash=21fac97d65)
Le Corsage Noir le Berthe Morisot
Bliain |
1878
|
Size |
73 x 65 cm
|
Medium |
Ola ar chanbhás
|
Provenance |
Arna cheannach, 1936
|
Number |
NGI.984
|
Ba í Morisot an t-aon bhean a raibh saothar léi le feiceáil sa chéad taispeántas Impriseanaíoch in 1874 agus i bhformhór na dtaispeántas a bhí ag an ngrúpa ina dhiaidh sin. Bíodh is gur phéinteáil sí radhairc taobh amuigh ba iad na pictiúir intí a thuill clú di. Sa phictiúr seo tá bean óg (is dócha gur mhainicín gairmiúil a shuigh don phictiúr) cóirithe le haghaidh oíche san amharclann. Feicimid an gúna dubh atá luaite sa teideal agus an seál, an mhuince, na fáinní cluaise agus na lámhainní a roghnaíodh le cur leis. D’úsáid Morisot stríoca leathana scuaibe i gcomhair fheisteas na mná ach tá láimhseáil níos fíneálta le haithint ar a haghaidh agus ar a cuid gruaige.