""
William John Leech (1881-1968), A Convent Garden, Brittany, c.1913. Photo © National Gallery of Ireland.

Garraí clochair, an Bhriotáin le William John Leech

Bliain
c.1913
Size
132 x 106 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Bronnta, May Botterell, 1952
Number
NGI.1245

Sa phictiúr seo tá Elizabeth, an chéad bhean chéile a bhí ag Leech, agus í i bpáirt nóibhísigh de chuid les soeurs du saint-esprit. Amharcann sí suas óna leabhar urnaithe fad is atá mná rialta den ord céanna ag siúl sa chúlra. Tá Elizabeth gléasta i gculaith bhainise Bhriotánach den saghas a chaitheadh na nóibhísigh ar an lá a ghlacaidís na móideanna deireanacha. Tá sí istigh i ngarraí daingean in Concarneau, mar a raibh clochar agus ospidéal inar théarnaigh Leech in 1904. Léiríonn an pictiúr an spéis a chuir Leech agus alán ealaíontóirí cuairte eile i ndíograis chrábhaidh mhuintir na Briotáine agus an dúil a bhí ag an ealaíontóir i solas agus i mbreacadh na gréine.