
Doña Antonia Zárate le Francisco José de Goya y Lucientes
Bliain |
1805
|
Size |
103.5 x 82 cm
|
Medium |
Ola ar chanbhás
|
Provenance |
Bronnta, Sir Alfred agus Lady Beit, 1987 (Bailiúchán Beit)
|
Number |
NGI.4539
|
Bhí Doña Antonia Zárate ar dhuine de na haisteoirí a ndearna goya portráid díobh. Is portráid shuaithinseach í seo ina n-aibhsítear áilleacht dhorcha an aisteora sa chodarsnacht idir duibhe a mantilla agus a gúna líne impireachta ar thaobh amháin agus an tolg buí damaisc ar an taobh eile. Ceapadh goya ina phéintéir cúirte ag Rí Séarlas III i Maidrid. Bhí rath air lena linn agus b’iomaí pátrún gradamach a bhí aige. Mar phortráidí a bhain sé clú amach, ach phéinteáil sé pictiúir ar théamaí creidimh, staire, polaitíochta agus seánraí éagsúla. Bhí lámh mhaith aige ar phriontaí a dhéanamh chomh maith.