Turner & Coastal Scenes runs throughout the month of January
The National Gallery of Ireland’s popular annual exhibition of watercolours by English artist J.M.W. Turner opens on 1 January 2024 and runs for the whole month. This year, Turner’s work will feature alongside coastal scenes by an array of British and Irish artists from the collection.
Turner & Coastal Scenes is proudly supported by Grant Thornton, Turner exhibitions partner.
Turner held a lifelong passion for the sea. He revelled in capturing its ever-changing character, along with the activities of those whose livelihoods depended on it. His watercolours in the Vaughan Bequest at the National Gallery of Ireland range from tranquil beach and harbour scenes to depictions of storm-tossed seas and shipwrecks. Coastal locations include Dover, Hastings, Folkestone, Clovelly, Plymouth, as well as Ostend and Venice, famously known as the jewel of the Adriatic.
This year, the Gallery’s annual display of the Vaughan Bequest of Turner watercolours is complemented by a selection of eighteenth and nineteenth-century coastal scenes by British and Irish artists. Like Turner, these artists drew inspiration from the rugged coastlines and bustling fishing communities that they encountered at first hand. Well-known locations including the Baily Lighthouse in Howth, Dún Aonghasa on the Aran Islands, and the Giant’s Causeway in County Antrim are depicted. Significant artists who feature in this display include David Cox the Elder, Andrew Nicholl, George Petrie and Frederic William Burton.
Niamh MacNally, Curator of the Prints and Drawings Study Room at the National Gallery of Ireland and curator of the exhibition, commented: “The unique selection of artworks in this year’s exhibition, drawn from the Gallery’s collection, not only points to Turner’s impact but highlights how the coast has captivated artists for generations. This diverse group of watercolours also reveals the mercurial beauty particular to the coastlines of Britain and Ireland.”
Stephen Tennant, CEO of Grant Thornton Ireland, added: “we are delighted that our continued partnership with the National Gallery of Ireland will support the return of the Turner & Coastal Scenes exhibition throughout January, with 31 remarkable watercolour paintings by J.M.W Turner on display. The National Gallery is an important cultural institution in Ireland and we at Grant Thornton are proud to support it.”
In 1900, the National Gallery of Ireland received a bequest of watercolours and drawings by J.M.W. Turner (1775–1851) from the distinguished English art collector, Henry Vaughan (1809–99). Vaughan stipulated in his will that the watercolours be exhibited every year, free of charge, for the month of January. To this day, the Gallery upholds the conditions of the bequest. This helps maintain the vibrancy and freshness of the watercolours for future generations of visitors to enjoy.
The Gallery publication The Works of J.M.W. Turner at the National Gallery of Ireland is available in hard-back to accompany the exhibition. It is available from the Gallery Shop priced €22.95 and at shop.nationalgallery.ie.
Proudly supported by Grant Thornton, Turner Exhibitions Partner.
Find out more at www.nationalgallery.ie.
ENDS
Media contacts:
Victoria Sharpe, Communications Officer, National Gallery of Ireland, [email protected].
Notes to Editor:
- Images are available on request.
- Exhibition curator Niamh MacNally is available for phone/email interview.
Exhibition listing:
Turner & Coastal Scenes
1 – 31 January 2023
Print Gallery, National Gallery of Ireland
Free admission
Curator: Niamh MacNally
Proudly supported by Grant Thornton, Turner Exhibitions Partner
About the National Gallery of Ireland:
The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired.
2024 at the National Gallery of Ireland:
2024 is the 170th anniversary of the establishment of the Gallery through the National Gallery of Ireland Act (1854) and the 160th anniversary of the opening of the National Gallery of Ireland on the 30 January 1864. The Gallery will also publish a new strategic plan for the period 2024-28 in early 2024.
About Grant Thornton:
Grant Thornton Ireland has 3,000 people across Ireland, Bermuda, Gibraltar, and the Isle of Man. With a presence in over 145 countries around the world, we bring you the local knowledge, national expertise, and global presence to help you and your business succeed – wherever you are located. We deliver solutions to all business challenges. Clients choose us because the breadth of financial and business services they need is available, delivered innovatively and always to the highest standards.
For further information visit: www.grantthornton.ie
nationalgallery.ie
Instagram: @nationalgalleryofireland
Twitter: @NGIreland
Facebook: @nationalgalleryofireland
LinkedIn: www.linkedin.com/company/national-gallery-of-ireland
Taispeántas cáiliúil bliantúil Turner ar taispeáint i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann
Beidh Turner & Coastal Scenes ar taispeáint i rith mhí Eanáir
Beidh taispeántas bliantúil cáiliúil Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann d'uiscedhathanna an ealaíontóra de bhunadh Shasana, J.M.W. Turner, ag oscailt ar an 1 Eanáir 2024 agus ar siúl don mhí iomlán. I mbliana, beidh saothar Turner ar taispeáint taobh le radhairc chósta de chuid ealaíontóirí éagsúla de bhunadh na Breataine agus na hÉireann ónár mbailiúchán.
Ábhar bróid do Grant Thornton - Comhpháirtí Thaispeántais Turner, tacú le Turner & Coastal Scenes.
Chuir Turner spéis san fharraige i rith a shaoil. Ba bhreá leis beocht na farraige a léiriú ina shaothar, mar aon le gníomhaíochtaí na ndaoine a bhí ag brath ar an bhfarraige chun slí bheatha a bhaint amach. I measc a uiscedhathanna ó Thiomnacht Vaughan i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann tá radhairc shuaimhneacha de thránna agus calafoirt mar aon le farraigí suaite agus longa briste. I measc na suíomhanna cois cósta a léirigh sé ina shaothar tá Dover, Hastings, Folkestone, Clovelly, Plymouth, mar aon leis an Ostainn agus an Veinéis, nó seoid an Aidriadaigh mar is fearr aithne uirthi.
I mbliana, tá taispeántas bliantúil an Ghailearaí de Thiomnacht Vaughan d'uiscedhathanna Turner á thaispeáint taobh le rogha de radhairc chósta ón 18ú agus 19ú haois de chuid ealaíontóirí Briotanacha agus Éireannacha. Cosúil le Turner, dhírigh na healaíontóirí seo ar an gcósta garbh agus ar na pobail iascaireachta bhríomhara a casadh orthu. Le feiceáil i measc na saothar tá suíomhanna cáiliúla lena n-áirítear Teach Solais Baily i mBinn Éadair, Dún Aonghasa ar Oileáin Árann agus Clochán an Aifir i gContae Aontroma. I measc na n-ealaíontóirí clúiteacha a bhfuil saothair dá gcuid ar taispeáint tá David Cox the Elder, Andrew Nicholl, George Petrie agus Frederic William Burton.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Niamh MacNally, Coimeádaí Seomra Staidéir na bPriontaí agus na Líníochtaí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus coimeádaí an taispeántais: “Ní hamháin go léirítear sa bhailiúchán uathúil de shaothair ealaíne atá ar taispeáint i mbliana, ó bhailiúchán an Ghailearaí, an tionchar a bhí ag Turner, léirítear freisin an spéis atá á cur ag ealaíontóirí sa chósta le fada an lá. Chomh maith leis sin, tá fianaise le fáil sa bhailiúchán éagsúil uiscedhathanna seo ar an áilleacht luaineach a bhaineann le cósta na Breataine agus na hÉireann.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stephen Tennant, POF Grant Thornton Ireland: “cúis áthais dúinn go mbeidh ár gcomhpháirtíocht leanúnach le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ag tacú le taispeántas Turner & Coastal Scenes i rith mhí Eanáir, tráth a mbeidh 31 uiscedhath álainn le J.M.W Turner ar taispeáint. Is foras cultúrtha tábhachtach in Éirinn é an Gailearaí Náisiúnta agus ábhar bróid do Grant Thornton tacú leis.”
Sa bhliain 1900, fuair Gailearaí Náisiúnta na hÉireann tiomnacht d'uiscedhathanna agus de líníochtaí le J.M.W. Turner (1775–1851) ón mbailitheoir ealaíne cáiliúil ón mBreatain, Henry Vaughan (1809–99). Shonraigh Vaughan ina uacht go mbeidh na huiscedhathanna á gcur ar taispeáint gach bliain, saor in aisce, i rith mhí Eanáir. Go dtí an lá atá inniu ann, cinntíonn foireann an Ghailearaí go bhfuil coinníollacha na tiomnachta á gcomhlíonadh. Cabhraíonn sé seo chun beocht agus gile na n-uiscedhathanna a chothabháil ionas go mbeidh cuairteoirí in ann taitneamh a bhaint astu amach anseo.
Tá leagan faoi chlúdach crua d'fhoilseachán an Ghailearaí, The Works of J.M.W. Turner at the National Gallery of Ireland, ar fáil le ceannach chun cur leis an taispeántas. Cosnaíonn an leabhar €22.95 agus tá cóipeanna ar fáil i Siopa an Ghailearaí nó is féidir cóipeanna a ordú ar líne ar an suíomh gréasáin shop.nationalgallery.ie.
Is é Grant Thornton - Comhpháirtí Thaispeántais Turner - atá ag tacú leis an taispeántas seo.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.nationalgallery.ie.
CRÍOCH
Teagmhálaí na Meán:
Victoria Sharpe, Oifigeach Cumarsáide, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, [email protected].
Nótaí do na hEagarthóirí:
- Má theastaíonn íomhánna uait, ní gá ach iarratas a dhéanamh.
- Tá coimeádaí an taispeántais, Niamh MacNally, ar fáil chun agallamh teileafóin/ríomhphoist a dhéanamh.
Liostú an taispeántais:
Turner & Coastal Scenes
1 – 31 Eanáir 2023
Gailearaí na bPriontaí, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Saorchead isteach
Coimeádaí: Niamh MacNally
Le tacaíocht ó Grant Thornton, Comhpháirtí Thaispeántais Turner
Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:
Is é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ceann de na nithe is díol spéise do thurasóirí is coitianta in Éirinn agus is ann atá bailiúchán an náisiúin de shaothair ealaíne Eorpacha agus Éireannacha ón mbliain 1300 go dtí an lá atá inniu ann, mar aon le Leabharlann agus Cartlann shuntasach. Tá saorchead isteach chuig an mbailiúchán ag gach duine chun taitneamh a bhaint as, a bheith ag foghlaim agus a machnamh a dhéanamh.
2024 ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:
In 2024, beidh comóradh á dhéanamh ar 170 bliain ó bunaíodh an Gailearaí. Bunaíodh an Gailearaí tríd an Acht um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann (1854) agus beidh comóradh á dhéanamh ar 160 bliain ó osclaíodh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar an 30 Eanáir 1864. Chomh maith leis sin, foilseoidh foireann an Ghailearaí plean straitéiseach nua don tréimhse idir 2024-28 ag tús 2024.
Eolas maidir le Grant Thornton:
Tá thart ar 3,000 duine ag obair le Grant Thornton Ireland in Éirinn, Beirmiúda, Giobráltar agus Oileán Mhanann. Tá oifigí ag Grant Thornton i mbreis is 145 tír ar fud an domhain, agus táimid in ann eolas áitiúil, saineolas náisiúnta agus láithreacht dhomhanda a chinntiú chun cabhrú leatsa agus le do ghnó dul chun cinn a dhéanamh – is cuma cá háit a bhfuil tú. Cuirimid réitigh ar fáil chun déileáil le gach dúshlán gnó. Roghnaíonn cliaint oibriú linn de bhrí gur féidir linn an fhairsinge seirbhísí airgeadais agus gnó a theastaíonn uathu a chur ar fáil, ar bhealach nuálach agus ag na caighdeáin is airde agus is féidir i gcónaí.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag: www.grantthornton.ie
nationalgallery.ie
Instagram: @nationalgalleryofireland
Twitter: @NGIreland
Facebook: @nationalgalleryofireland
LinkedIn: www.linkedin.com/company/national-gallery-of-ireland
You might also like:
-
Five things to know about Turner
Discover five interesting facts before your visit!
-
Turner and Coastal Scenes
1 – 31 January 2024
-
Women Impressionists
27 June - 6 October 2024
-
In Real Life
17 August - 24 November 2024