![A member of staff at the entrance to the gallery on Clare Street. © National Gallery of Ireland.](/sites/default/files/styles/content_hero/public/2017-05/staff-mw-entrance-2017.jpg?itok=XprNuhMH&cache-buster=d330ed0832&coords_hash=a928bdebdf)
Treoracha
Suite i lár na cathrach, i gcroílár Bhaile Átha Cliath Seoirseach, is féidir teacht ar an nGailearaí go héasca ag siúl nó le hiompar poiblí .
Tá dhá bealach isteach sa Ghailearaí:
Sciathán na Mílaoise: Sráid an Chláraigh
Cearnóg Mhuirfean: Cearnóg Mhuirfean Thiar.
Ag siúl: Tá an Gailearaí níos lú ná deich nóiméad ó Fhaiche Stiabhna agus Sráid Grafton.
Leis an DART: Is í an stáisiún DART is giorra ná Stáisiún an Phiarsaigh, nach bhfuil ach cúig nóiméad ón nGailearaí.
Leis an LUAS: Má tá tú ag taisteal ar an Líne Ghlas, tar anuas ag Faiche Stiabhna. Is siúlóid ghairid í go dtí an Gailearaí ón áit seo. Má tá tú ag taisteal ar an Líne Dhearg, tar anuas ag Sráid na Mainistreach, atá 20 nóiméad ón nGailearaí.
Leis an mBus: 4, 7, 8 go Cearnóg Mhuirfean Thuaidh agus Sráid an Chláraigh. 39a go Rae Mhuirfean agus Sráid Pembroke. 46a go Sráid Dhásain
Le rothair Bhaile Átha Cliath: Tá dhá stáisiún rothair Bhaile Átha Cliath in aice leis an nGailearaí, suite ag Sráid an Chláraigh agus Cearnóg Mhuirfean Thiar.
Le carr: Tá páirceáil méadraithe ar Chearnóg Mhuirfean