Déanfaidh an ghníomhaíocht seo céadfaí do pháiste a mhealladh agus tá sé feiliúnach go háirithe dóibh siúd atá ag iarraidh ionchur céadfach.
Péintéir Éireannach agus ealaíontóir gloine dhaite ab í Evie Hone (1894-1955). Taispeántar a cuid oibre sa seomra gloine dhaite i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Táimid chun saothar Evie Hone a dhéanamh sa bhaile!
Céard a bheidh ag teastáil uainn?
- Siosúr
- Sreangán nó olann
- Téip ghreamaitheach
- Cárta
- Marcóir dubh
- Scragall stain
- Péinteanna Póstaeir
Céimeanna
- Gearr amach an cárta ina dhronuilleog ón mbosca gránach bricfeasta.
- Gearr scoilteanna timpeall na n-imeall
- Cuir snáth an tsreangáin tríd scoilteanna na n-imeall atá ar aghaidh a chéile sa chárta
- Cuir an sreangán timpeall an chárta chun cruthanna suimiúla a dhéanamh
- Iompaigh timpeall an cárta ,ceangal na sreangáin agus greamaigh, lena choinneáil slán.
- Gearr píosa scragall stáin atá sách mór chun an cárta a chlúdach
- Clúdaigh an cárta le scragall stáin agus greamaigh
- Brúigh síos ionas go bhfuil imlíne an phatrúin le feiceáil
- Úsáid do mhéara le haghaidh péinteáil
- Pioc dathanna éagsúla do gach páirt atá imlínithe ag an sreangán
- Lig don phéint triomú ar feadh cúpla uair an chloig
- Tarraing os cionn an tsreangáin le marcóir
- Taispeáin i d’fhuinneog é le go mbeidh daoine atá ag dul an bealach in ann taitneamh a bhaint as
You might also like
-
How to make a patterned cape
Follow this step-by-step video to make a Sorolla-inspired cape.
-
Explore the Renaissance with Cozimo
Video: Learn about this fascinating time in art history.
-
National Gallery at Home: Create your own Monet-inspired drawing and collage!
Video: Create a mixed-media landscape picture.
-
The Wonder of Weeds
Discover the mysterious and surprising qualities of plants