In Real Life celebrates nature through art at the National Gallery of Ireland

Black and white photograph of a rockface, with a neon yellow spiral graphic in front.
Fiona McDonald, In Search of a Blanket Bog I, 2022. © Fiona McDonald.

New exhibition brings the natural world into the Gallery, with watercolours and etchings spanning four centuries

On 17 August 2024, a new exhibition, In Real Life, opens at the National Gallery of Ireland. This exhibition, located in the Print Gallery, offers visitors a chance to explore the beauty and fragility of nature through a unique collection of drawings and paintings. Many of these works are seldom displayed and are presented alongside pieces on loan from contemporary Irish artists. In Real Life explores themes such as how nature inspires artists, sustainability, and the critical role of art in drawing attention to environmental threats. The exhibition will feature 50 works spanning the seventeenth to the twenty-first centuries, including closely observed studies, idealised landscapes, topographical views, and poetic interpretations.

Basil Blackshaw’s Landscape with Trees (1951) captures the rural landscape of County Down with lively pen and ink, demonstrating his early fascination with landscapes. Paula Pohli’s The Magpie (2017) is a meticulous portrait in egg tempera. The image captures a familiar bird with its characteristic pose and watchful demeanour. William Evans of Eton’s Delphi (1838) offers a dramatic watercolour depiction of the rapidly changing weather of Ireland’s west coast, a scene sketched during his travels in Connemara. Fiona McDonald’s In Search of a Blanket Bog (2022) uses custom-designed algorithms to generate coded drawings from environmental data, highlighting human impact on landscapes while offering hope for ecological restoration. This exhibition reflects each artists’ connection with nature and highlights the evolving dialogue between art and the environment.

Works from the Gallery’s permanent collection by artists such as Aelbert Cuyp, Barbara Rae, Michael Wann and Emil Nolde are complemented by recent works on loan from contemporary Irish artists Angie Shanahan (b.1961), David Lunney (b.1988), Fiona McDonald (b.1969) and Bridget Flannery (1959-2024). These works highlight how art reflects the natural world and the urgency for environmental conservation.

Inspired by the fragility and vulnerability of the natural world, the Gallery has made a conscious effort to ensure that this exhibition will be as sustainable as possible. All materials used are recyclable, reusable or biodegradable. Paper-based board and recyclable PVC-free vinyl has also been used for signage. 

Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, said: “In Real Life explores the connection between nature and art, inviting visitors to step away from daily life, and immerse themselves in the beauty of the natural world, through the eyes of the artist. In Real Life celebrates the inspiration that nature provides to artists, from Aelbert Cuyp’s meticulous studies to Fiona McDonald’s contemporary digital drawings. It highlights how artists, past and present, continue to draw upon nature to create reflective and forward-thinking works.”

Anne Hodge, Curator of Prints and Drawings at the National Gallery of Ireland, said: “Artists always look closely at the world around them – it is, in a sense, their job. For many, nature is a primary inspiration, deeply influencing their work. Whether it’s a specific landscape, a tree, or a flower, these natural elements often spark a unique creative process. Through a combination of observation, imagination, and skill, artists translate the wonder of nature onto paper, reminding us of the beauty of the natural environment.
The immediacy of drawing allows artists to capture changing shapes, colours, and light quickly, in any location – from a mountainside to a shoreline. This exhibition highlights the enduring connection between artists and the natural world, emphasising how art reveals the fragility of nature and the need for conservation.”

In Real Life runs at the National Gallery of Ireland until 24 November 2024. Throughout the exhibition, there will be accessible and inclusive public programming. The programme includes free public tours and an online introductory talk from the curator, with closed captioning and interpretation for Irish Sign Language users. There will also be family workshops, sketching tours, and Drawing the Collection sessions led by contemporary artists.

The Gallery would like to thank the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media for its ongoing support. Find out more about the Gallery at www.nationalgallery.ie. 

ENDS

Media Contacts:

  • Fiona Sexton, Communications, Marketing & Digital Engagement Manager, National Gallery of Ireland. [email protected]  

Notes to Editor:

  • Images are available on request.
  • Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland and Anne Hodge, Curator of Prints and Drawings are available for interview.

Exhibition Listing:

In Real Life
Print Gallery, National Gallery of Ireland: 17 August to 24 November 2024
Free admission 
Curator: Anne Hodge

About the National Gallery of Ireland:

The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired.

2024 at the National Gallery of Ireland:

2024 is the 170th anniversary of the establishment of the Gallery through the National Gallery of Ireland Act (1854) and the 160th anniversary of the opening of the National Gallery of Ireland on the 30 January 1864. The Gallery recently published a new strategic plan for the period 2024-28.

For More Information:

Visit nationalgallery.ie or follow us on social media:

  • Facebook & Instagram: @nationalgalleryofireland
  • Twitter: @NGIreland
  • LinkedIn: @National Gallery of Ireland

 

Déanann In Real Life an dúlra a cheiliúradh tríd an ealaín ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

 

Tugann taispeántas nua domhan an dúlra isteach sa ghailearaí, trí huiscedhathanna, trí heitseálacha agus trí ghrianghrafanna a gclúdáionn ceithre chéad bliain

 

Osclaíonn taispeántas nua, In Real Life, ar an 17 Lúnasa 2024 ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tugann an taispeántas seo, atá á chur i láthair i nGailearaí an Chló, deis don chuairteoir iniúchadh a dhéanamh ar áilleacht agus ar leochaileacht an dúlra trí bhailiúchán ar leith na líníochtaí agus na bpictiúr. Is annamh a thaispeántar mórán dá leithéid saothar agus tá siad á gcur i láthair taobh le saothair ar iasacht ó ealaíontóirí comhaimseartha na hÉireann. Déanann In Real Life iniúchadh ar théamaí ar nós an chaoi a spreagann an Dúlra ealaíontóirí, an inbhuanaitheacht agus ról criticiúil na healaíne chun aird a tharraingt ar bhagairtí na rimpeallachta. Léireofar 50 saothar ag an taispeántas a chuimsíonn an seachtú haois déag go dtí an céad aois is fiche, ina measc dlúthstaidéir, tírdhreacha idéalaithe, radhairc thopagrafacha, agus léirmhínithe fileata.

Déanann Landscape with Trees (1951) le Basil Blackshaw tírdhreach tuaithe Chhontae an Dúin a thaifeadadh le peann agus dúch bríomhar, rud a léirúinn an spéis luath aige sa radharc tíre. Portráid chúramach teampara uibhe is ea The Magpie (2017) le Paula Pohli a léiríonn an t-éan aithnidiúil seo leis an staidiúr ar leith agus leis an iompraíocht ghéar aige. Cuireann Eton's Delphi (1838) William Evans íomhá uiscedhath drámatúil ar an aimsir os ár gcomhair atá ag athrú go tapa ar chósta thiar na hÉireann i radharc a sceitseáil sé le linn a chuid taistil i gConamara. Bainann Searching for a Blanket Bog (2022) le Fiona McDonald úsáid as algartaim saincheaptha ó shonraí an comhshaoil chun líníochtaí códaithe  a ghiniúint, a gcuireann béim ar thionchar an daonra ar thírdhreacha ach a gcuireann an tsúil le hathchóiriú na héiceolaíochta ar fáil dúinn chomh maith. Léiríonn an taispeántas seo an ceangal ag gach ealaíontóir acu leis an dúlra agus leagann sé béim ar an idirphlé atá ag teacht chun cinn idir an ealaín agus an timpeallacht.

Cuireann saothair le déanaí ar iasacht le ealaíontóirí comhaimseartha na hÉireann Angie Shanahan (r.1961), David Lunney (r.1988), Fiona McDonald, (r.1969) agus Bridget Flannery (1959-2024) le saothair bhailiúchán buan an ghailearaí le healaíontóirí ar nós Aelbert Cuyp, Barbara Rae, Michael Wann agus Emil Nolde. Leagann na saothair seo béim ar an gcaoi a léiríonn an ealaín domhan an dúlra agus an phráinn a bhaineann le caomhnú na timpeallachta.

Agus á spreagtha ag lagchuidiú agus ag leochaileacht domhain an dúlra, tá iarracht fheasach déanta ag an ngailearaí lena chinntiú go mbeidh an taispeántas seo chomh inbhuanaithe agus is féidir. Is in-athchúrsáilte, ath-inúsáidte nó in-bhithmhillt é gach ábhar atá á úsáid. Baineadh úsáid freisin as cairtchlár páipéarbhunaithe agus as vinil saor ó PVC le haghaidh comharthaíochta.

Dar leis an Dr. Caroline Campbell, Stiúrtheoir Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Déanann In Real Life iniúchadh ar an nasc idir nádúr agus an ealaín, ag tabhairt an deis don chuairteoir céim a thógáil amach ón saol laethúil, agus á thumadh féin in áilleacht domhain an dúlra mar atá léirithe ag an ealaíontór. Déanann In Real Life a cheiliúradh an spreagadh a thugann an dúlra don ealaíontóir, idir na mínstaidéir le Aelbert Cuyp go dtí na líníochtaí digiteacha comhaimseartha le Fiona McDonald. Leagann sé béim ar an gcaoi a leanann an t-ealaíontóir, sa ré atá thart agus i láthair na huaire, ag tarraingt ar an dúlra chun saothair machnamhacha agus réamh-smaointeoireachta a chruthú.”

Dúirt Anne Hodge, Coimeádaí na bPriontaí agus na Líníochtaí ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Bíonn an t-ealaíontóir ag breathnú go grinn i gcónaí ar an saol mórtimpeall air - sé sin an post aige ar bhealach éigin. I gcás mórán acu, sé an dúlra an príomhspreagadh acu a imríonn an-thionchar ar a gcuid oibre. Cibé an tírdhreach, crann, nó bláth ar leith atá i gceist, is minic a spreagann heilimintí seo an dúlra próiseas ar leith na cruthaitheachta. Le húsáid á bhaint aige as meascán den bhreathnóireacht, den tsamhlaíocht, agus den scil, aistríonn an t-ealaíontóir iontas an mhéid a fheiceann sé go dtí an páipéar, ag meabhrú dúinn áilleacht domhan an dúlra.
Ligeann neasacht na líníochta don ealaíontóirí cruthanna, dathanna, agus solas atá ag síor-athrú a ghabháil go tapa i suíomh ar bith - ó thaobh na sléibhe go dtí cladach na farraige. Leagann an taispeántas seo béim ar an nasc buan idir an t-ealaíontóir agus domhan an dúlra, ag cur béime ar an gcaoi a nochtann an ealaín leochaileacht an dúlra agus an gá lená chaomhnú.”

Beidh In Real Life ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann suas go dtí 24 Samhain na bliana 2024. Le linn an taispeántais, cuirfear cláir inrochtana agus chuimsitheacha ar fáil don phobal. Cuimsíonn an clár turais phoiblí saor in aisce agus réamhrá ar líne ón gcoimeádaí, le fotheidealú dúnta agus le léirmhíniú d'úsáideoirí i dteanga chomharthaíochta na hÉireann. Beidh ceardlanna teaghlaigh, turais sceitseála, agus seisiúin Drawing the Collection ar fáil ann freisin faoi stiúir ealaíontóirí comhaimseartha.

Ba mhaith leis an nGailearaí buíochas a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meáin as an tacaíocht leanúnach a fuarthas. Tá tuilleadh eolais faoin nGailearaí le feiceáil ag www.nationalgallery.ie.


CRÍOCH

Teagmháil na Meán:

  • Fiona Sexton, Communications, Bainisteoir Margaíochta agus na Rannpháirtíochta Digiteacha, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. [email protected] 

Le tabhairt faoi deara ag eagarthóirí:

  • Tá íomhánna ar fáil ach á n-iarraidh.
  • Tá an Dr Caroline Campbell, Stiúrtheoir Gailearaí Náisiúnta na hÉireann and Anne Hodge, Coimeádaí na bPriontaí agus na Líníochtaí ar fáil le haghaidh agallaimh.

Liostú an Taispeántais:

In Real Life
Gailearaí an Chló, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: 17 Lúnasa go dtí 24 Samhain na bliana 2024
Cead isteach saor in aisce
Coimeádaí: Anne Hodge

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar cheann de na hionaid is mó a bhfuil tóir ag cuairteoirí sa tír ina bhfuil bailiúchán ealaíne na hEorpa agus na hÉireann ó thart ar 1300 go dtí an lá atá inniu ann le feiceáil, chomh maith le leabharlann agus le cartlann fairsing. Tá cead isteach ar an mbailiúchán saor in aisce do gach éinne le haghaigh taitneamh, foghlaim agus spreagadh a bhaint as.

An bhliain 2024 ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Tá 170 bliain ó bunaíodh an gailearaí trí Acht Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (1854) á chomóradh sa bhliain 2024 chomh maith le 160 bliain ó osclaíodh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar an 30 Eanáir 1864. D'fhoilsigh an gailearaí le déanaí  plean straitéiseach nua don  tréimhse 2024-28.

Tuilleadh Faisnéise:

Féach ar nationalgallery.ie nó déan ár leanúint ar na meáin shóisialta:

  • Facebook agus Instagram: @nationalgalleryofireland
  • Twitter: @NGIreland
  • LinkedIn: @National Gallery of Ireland

You might also like