Gabháil Chríost, le Michelangelo Merisi da Caravaggio
Bliain |
1602
|
Size |
135.5 x 169.5 cm
|
Medium |
Ola ar chanbhás
|
Provenance |
*
|
Number |
L.14702
|
Airbheartaíonn an phéinteáil seo le réalachas lom agus braistint greamaitheach de dhráma daonna an uair ina tógtar Críost mar phríosúnach, i ndiaidh brathadóireacht Iúdás. Rinne Caravaggio í a phéinteáil i 1602. Briseann an t-ealaíontóir go radacach ó thraidisiúin an tseansaoil trí léirmhíniú nua agus bunúsach a ofráil ar scéal an tSoiscéil. Tá an spás mórthimpeall ar na bhfigiúirí fad trícheathrúnach maolcheannach, agus táthar tar éis sonraí coimhthíocha a sheachaint, ag dianú ár dtaithí den radharc.
Déanann an comhdhéanamh uile – a shoilsiú agus socrú na bhfigiúirí – ár n-aird a dhíriú ar fhigiúr Íosa. I measc anord agus foréigean tá sé cruachásach, ach géilleann sé gan frithsheasmhacht dá chinniúint. Tá an radharc suite i solas na gealaí, frithchaite i lonracht de chathéide an tsaighdiúra. Tá lóchrann lag ag figiúr i bhfad i dtreo an taobh dheas – is féinphortráid í seo den ealaíontóir, inaitheanta ag a thréithe dóisceanta. Is féidir leat a fheiceáil conas mar a bhaineann Caravaggio úsáid tromchiallach as lámha sa phéinteáil seo – lámha dúnta Chríost, chomh maith le lámh teitheadh an deisceabail ar an dtaobh chlé, spréite le huafás.
Ba phéintéir réabhlóideach, arbh Michelangelo Merisi a ainm cheart, é Caravaggio le meon lasánta agus a obair a chuaigh i bhfeidhm go hollmhór ar ghlúin iomlán ealaíontóirí. Bhí sé aitheanta mar mháistir críochnúil de chiaroscuro, a chiallaíonn “éadrom-dorcha” go liteartha in Iodáilis. Tagraíonn an téarma den chothromaíocht de thuineacha éadroma agus dorcha i saothar agus go háirithe i gcás cumas an ealaíontóra chun scáthanna a láimhseáil. Níor déanadh an phéinteáil seo a fhionnadh ach le fíor dhéanaí. Ach tá an dráma radharcach agus maoithneach na tragóide dhiaga seo tar éis a chinntiú go bhfuil Taking of Christ de chuid Caravaggio tar éis teacht i réim mar cheann de na péinteáil is mó cartha i mbailiúchán an Ghailearaí.
*Ar iasacht gan téarma ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ó Phobal na nÍosánach, Sráid Líosáin, Baile Átha Cliath, a aithníonn gnaíúlacht an Dr Marie Lea-Wilson, nach maireann, 1992